p. 1

OverviewTranscribeVersionsHelp

Facsimile

Transcription

Status: Indexed
Show Translation

Frances Uí Chinnéide
(cuairt # 1 ar Chartlann na gCanúintí aici)
2004-02-02

Gariníon le Seán Ó Dálaigh (An Máistir Ó Dálaigh) í Frances (Ní Dhálaigh ) Uí Chinnéide, a chónaíonn i
{manuscript: cinneidedc@eircom.net. 066-915 6168
mBaile Bhiocáire, Dún Chaoin, Trá Lí, Co. Chiarraí.}

An t-ábhar seo a leanas á chur isteach i gcomhad 826 anois agam:
• Fótachóip de bhuncháipéisí a thaispeáin Bean Uí Chinnéide dom, i gcruthúnas a pheannaireachta:
(a) litir i nGaeilge ó 20/1/’39 sínithe ag Seán Ó Dálaigh;
(b) nótaí i mBéarla leis, maidir le Dean Swift agus cúrsaí eile.
• Cóip de lch. as Daonáireamh 1901, sínithe ag Seaghán Ua Dálaigh, a thug sí dúinn le coimeád in
éineacht le Cnuasach B26 na Cartlainne.

Ón bhfianaise thuas, atá scrúdaithe agam, creidim gur le hathair críonna Frances Uí Chinnéide
peannaireacht # 1 (bunpheannaireacht) B26. Fch. fianaise eile sa chomhad céanna, maidir le
peannaireacht # 2 (peannaireacht eagarthóra), agus le provenance.

Ba mhaith le Bean U.í Chinnéide fótachóip de B26.

Mholas di litir iarratais ar fhótachóip a chur go dtí Ceann Roinne Roinn na Nua-Ghaeilge anseo.

Na nótaí thuas arna mbreacadh síos agam inniu, 2004-02-02.

Marion Gunn
Cartlannaí

cc:
An tOllamh Pádraig A. Breatnach, Ollamh le Gaeilge Chlasaiceach agus Ceann Roinne 2004 Roinn na
Nua-Ghaeilge; An tOllamh Seosamh Watson, Ollamh le Teanga agus Litríocht na Nua-Ghaeilge.

Notes and Questions

Nobody has written a note for this page yet

Please sign in to write a note for this page