Pages
Untitled Page 1
Do chonnac madra uisce ag teacht aisteach* go dtí an gcladach fém' bun shíos** insa bhfaill agus ballach treasna n-a*** bhéal aige. Tá cnuigéar**** thíos i mbun na faille céadna riamh age madraí uisce, agus is dócha gurbh amhlaidh a bhí an madra uisce úd ag tabhairt an bhallaigh leis go dtí an gcnuigéar chun é [a] thabhairt dá choileáin le n-ithe.
Dá bhfeicfeadh na garsúin é, ámhthach, nuair a bhí sé ag teacht go dtí an gcnuigéar a bhí anáirde***** i bport na h-aille****** aige, do bheadh spórt an lae aca air mar do bheidís d'iarraidh an bhallaigh a bhaint de sara mbeadh an cnuigéar bainte amach aige. Ach do bhí sé tamall ó dheas uatha agus ní raibh aon radharc riamh aca air.
*= isteach **= thíos ***= ina ****= coinigéar *****= in áirde ******= faille
Untitled Page 2
Nuair a bhí a gcuid snáimh déanta age sna garsúin do chuireadar umúmpa a gcuid éadaig[h] 7 annsan do bhíodar ag máineáil leótha aníos as an bhfaill riamh 7 choidhche go dtí gur bhaineadar amach barra na haille. Do shíneadar siar go breágh dhóibh fhéin annsan. 7 do bhí a ngoradh le gréin aca i mbun a suaimhnis.
Do bhí trí cinn d'asail ag ithe dhóibh féin ar an móinteán 'san áit go raibh na garsúin á ngrianadh féin, 7 do phreab triúr de sna garsúin láithreach baill [']na suídhe, 7 do chuadar ag marcuigheacht ar na hasail. Dubhradar féin le na chéile annsan go mbeadh rás asal aca siar 's aniar, 7 síos suas an móinteán.
Ach a leithéid sin de rás! Do chrom na hasail ar ghárthaig[h] chomh luath is bhraitheadar go raibh na garsúin ar a muin, 7 do bhí na garsúin eile bhí sínte siar ag faoithrig(h)*1 fútha ar a ndícheall. Do bhíos féin
*1 = faíreach
Untitled Page 3
This page is not transcribed, please help transcribe this page
Untitled Page 4
This page is not transcribed, please help transcribe this page
Untitled Page 5
This page is not transcribed, please help transcribe this page